Coláiste Eoin in epic recovery to reach Colleges Semi Final

Date
8 Fea 2014
Venue
Bray Emmets
Home Team
Wexford Colleges
Home Final Score
1-20
Away Team
Coláiste Eoin
Away Final Score
3-18
Body

10 points down at half time, level at full time, victory by 4 points AET

Iomáint Sinsir A, Corn Uí Dhúill

Colaiste Eoin

Tá leath Chraobh sroichte ag Coláiste Eoin sa chomórtas Sinsir A tar éis cluiche dian a imirt i gcoinne Scoileanna Loch Garmain ar an Satharn seo caite i mBré. Bhí an aimsir crua go leor agus gaoth láidir ag séideadh. Bhí an ghaoth le Loch Garmain sa chéad leath agus bhíodar 10 gcúilín chun tosaigh nuair a shéid an réiteoir an fheadóg ag deireadh an chéad leath.

Bhí Coláiste Eoin faoi bhrú mór le teacht ar ais sa chluiche san dara leath, rud a rinne siad le spiorad mór. Scóráil siad dhá chúl agus ceithre chúilín gan freagra, rud a d'fhág ar chomhscór iad. Tar éis don dá fhoireann dhá chúilín an taobh a chur thar an trasnán shéid an réiteoir an fheadóg ag deireadh ama.

Am breise le n-imirt....

Is in am breise a bhrú Coláiste Eoin chun cinn leis an gcluiche a chinntiú dóibh fhéin. Ag deireadh an lae bhí ceithre chúilín sa bhreis acu, 1-20 in aghaidh 3-18.

Cluiche den scoth a bhí ann, le h-ard chaighdean iomána, a léirigh spiorad na scoile and an bród  bhíonn ar na leaids agus geansaí na scoile á gcaitheamh acu. Job íontach déanta ag an mbainistíocht, Aodán de Paor agus Shane O Ruairc.

Tagging