Foireann iomána Choláistí Átha Cliath

Ba lá thar a bheith speisialta é Lá Bealtaine 2006 do mhuintir na hiomána i mBaile átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na héireann don chéad uair.

Tá lucht leanta na hiomána i mBaile Átha Cliath ag tnúth agus ag súil leis an lá le fada go bhfeicfidh siad Craobh Iomána na hÉireann gnóite ag foireann na hArdchathrach agus corn Liam Mhic Chárthaigh á ardú go cathréimeach ag captain na ‘Dubs’. Dá bhrí sin, i bPáirc Dr Cullen ar an gcéad lá Bealtaine, is beag nach raibh deora i súile lucht saothar na hiomána as Baile Átha Cliath nuair a d’ardaigh captain fhoireann Choláistí Átha Cliath, Conor ó Conghaile, Corn an Chrócaigh tar éis an bhua íontach ar fhoireann Choláiste Naomh Flannáin ar an scór 1 – 11 i gcoinne 0 –11.

Colaisti06.jpgAr an bpáirc tar éis an chluiche bhí an t-áthas agus an gliondar croí le brath go soiléir go háirithe imeasc na múinteoirí agus na dteagascóirí a mhúin scileanna na hiomána dona buachaillí a rinne gaisce ar an bpáirc nóiméidí roimhe sin. Bua iontach a bhí ann gan dabht ar bith agus taispeántas fíor-mhaith de scileanna sainiúla na hiomána tugtha ón chúl báire, Simon Lambert a rinne trí shábháil do-chreidte, go dtí lán-tosach ar chlé Pól ó Riain a scóráil 0-6. D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl a raibh baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán ó Seanáin agus Joe ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí. Chomh leo sin bhí Séan Ó Ruairc as Coláiste Eoin agus Cill Mocoda Na Crócaigh i lar na páirce agus Ross Ó Cearúil as an club Stigh Lorgain mar leath-thosach sa lar ina laochra dona coláistí. Scil, crógacht, cur chuige, carachtar, misneach – bhí na tréithe sin go léir á léiriú ag an dá fhoireann, agus ag teastáil, an lá stairiúil úd. Bronnadh gradam laoch an chluiche ar Shéan Ó Ruairc.

Dar ndóigh, tá daoine ann nach n-aontaíonn le chomhfhoireann de chuid scoileanna Átha Cliath a bheith páirteach i gcomórtas na meánscoileanna. Dar leo, níl sé cóir go mbeadh foireann déanta as scoileanna éagsúla in iomaíocht i gcoinne scoil aonarach amháin. Ach, i gcoinne na hargóna sin is féidir a rá go bhfuil foireann ar nós Coláiste Naomh Ciaráin (Cill Chainnigh), Coláiste Naomh Peadar (Loch Garman), Coláiste Naomh Flannáin (Inis) agus aroile, déanta suas de imreoirí as a lán clubanna. Chóirigh mé trí cinn déag de chlubanna bainteach le foireann faoi 14 Choláiste Chiaráin a bhuaigh Craobh Laighin i gcoinne Coláistí Dheisceart Átha Cliath. Is minic leis go mbíonn daltaí as na contaetha máguaird ag freastal ar na coláistí móra iomána agus peile.

Glacadh le chomhfhoireann Choláistí Átha Cliath sa chomórtas i 1994 ar an ábhar nach raibh aon scoil i mBaile Átha Cliath in ann dul in iomaíocht le coláistí móra na hiomána. Glacadh leis an smaoineamh freisin toisc, ag an am, nach raibh an deis ag iománaithe óga na hardchathrach imirt i gcoinne na n-iománaithe óga ab fhearr i gCúige Laighin seachas ag grád na mionúr agus ní raibh san am sin aon chúldoras faoi mar atá anois ag na fóirne a shroicheann craobh an chúige. Glacadh leis gur rud maith a bheadh ann foireann as Baile Átha Cliath a bheith páirteach ag an leibhéal ab airde agus go mb’fhéidir go dtiocfadh feabhas agus forbairt ar scileanna na n-iománaithe óga dá bharr. D’fhéadfaí a rá, i bhfianaise an bhua i gcluiche ceannais na héireann, go bhfuil an sprioc sin bainte amach.

Taca an ama seo anuraidh is beag duine a cheapfadh go mbeadh trí bhua suntasach bainte amach ag fóirne Átha Cliathacha. Ar dtús, bhuaigh Cill Mocoda – Na Crócaigh Féile na nGael i gCorcaigh Mí an Mheithimh seo caite. Is ionann sin agus Craobh na héireann faoi 14 bliana imeasc clubanna. I mí Iúil seo caite, bhuaigh mionúir Átha Cliath  Craobh Laighin  agus le cuid mhaith den fhoireann chéanna bhuaigh Coláistí Átha Cliath Craobh na héireann. Le deich mbliain anuas tá dul chun cinn mall, ach feiceálach, le tabhairt faoi deara ó thaobh na hiomána faoi aois i mBaile Átha Cliath. An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).

Ach, ar 21 Bealtaine seo caite cuireadh na buanna thuas luaite i gcomhthéacs difriúil nuair a chaill foireann sinsear Átha Cliath i gcoinne na hIarmhí. Ba bhuille crua an bualadh sin do lucht iomána Átha Cliath agus ní le droch-mheas ar an Iarmhí a deirim sin. Tubaist cheart a bhí ann agus is léir go bhfuil dushlán an-mhór roimh coiste Átha Cliath caighdeán na sinsear a fhorbairt agus a láidriú. É sin ráite, tá comharthaí ann go bhfuil an linn d’imreoirí maithe ag méadú de réir a chéile. Tá anois don chéad uair le fada imreoirí óga ann idir 14 bliana agus 22, abair, bhfuil an taithí acu ar chraobh chúige agus craobh na héireann a bhuachaint. An uair dheireannach a tharla sin ná i 1983  nuair a shrois mionúir Átha Cliath cluiche ceannais na héireann i gcoinne na Gaillimhe. Shrois cuid mhaith den fhoireann sin cluiche ceannais sinsear Laighean i 1990 agus 1991.                       

An dushlán mór anois ná na hiománaithe óga a choinneáil le chéile agus a dhiriú ar an iomáint sinsearach. Tá sin níos éasca le rá ná a dhéanamh. Sí an chonstaic is mó ná tarraingt na peile, mar i mBaile Átha Cliath is tábhachtaí SAM ná Liam i measc lucht CLG na hardchathrach. Ach dá bhféadfaí na hiománaithe is fearr atá faoi 20, abair, a mhealladh le cloí leis an iomáint, cá bhfios nach bhféadfaí craobh na héireann a bhaint amach taobh istigh de seacht no a hocht de bhlianta? Cabhair amháin dóibh ná go bhfuil taithí acu ar an mbua agus ar chorn a bhreith leo. Bac ar ndóigh is ea an traidisiún nó an cultúr ina bhfuil siad ag feidhmiú. Is deacair sin a athrú, ach is é sin atá le déanamh.

Um an dtaca seo tá traidisiúin agus cultúr an Chumann Lúithchleas Gael seanbhunaithe. Is cuid larnach de chultúr ceantair ar bith in éirinn an iomáint nó an pheil. Sí an iomáint an cultúr dúchais sna ceantair iomána ar nós na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/leí na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil. Má’s fíor an méad seo, cén seans atá ag foireann as Baile Átha Cliath briseadh tríd an doras agus páirt a ghlacadh sa chóisir mhór? 

Tá a lán ag brath ar na structúir agus na hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath agus sa CLG i gcoitinne. Is gá na himreoirí is fearr a mhealladh chun tús áite a thabhairt don iomáint. Níl an córas atá i réim sásúil agus níl ag éirí leis ó thaobh na peile ná na hiomána. Ní ceart, mar shampla go mbeadh sé fágtha faoi bhainisteoirí peile agus iomána teacht ar shocrú faoi imreoirí. Tá gá le polasaí dearfa cinnte i leith na hiomána agus na peile araon. Má tá an iomáint le bheith ina príoracht i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuas luaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú má’s gá iad a mhealladh tré saoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú léibhéil, poist &rl. Níl aon bhealach éasca ná simplí, ach is cinnte go ngabhfadh roinnt samhlaíochta móide a lán oibre cuid mhaith den tslí.

Sa ghrianghraf thuas tá Dan Céitinn, Aindriú Ó hOibicín (Crócaigh), Cian Mac Giolla Bhríde, Séan Ó Ruairc (Crócaigh), Seosamh Ó Meachair, Seán Ó Seanáin agus Jack Ó Giollagáin.

Scríofa ag Colm Mac Séalaigh (Coláiste Eoin)