Feile Peil na nÓg, bua ag na Fianna in aghaidh na Crócaigh
D'éirigh go maith le Foireann Peile Fé 14 Chill Mochuda na Crócaigh sna réamh cluichí Féile Peile na nÓg i Silverpark ar an Sathairn 2 Bealtaine. Chríochnaigh an chéad chluiche in aghaidh Ballyboden St Endas ar chomh scór. Sna cluichí eile bhuaigh na Crócaigh ar Sylvesters agus ansin ar Vincents.
Imríodh an cluiche leathcheannais ar an Domhnach, 3ú Bealtaine ar Phairc Fingallians, Balheary in aghaidh Na Fianna, a bhuaigh an sraith eile. Cé gur thosaigh na Crócaigh go láidir - agus chríochnaigh an chéad leath 3 cúilín chun tosaigh, bhí gaoth láidir inár gcoinne sa dara leath agus is iad Na Fianna a chríochnaigh chun tosaigh ar deireadh.
Beidh go leor de na buachaillí ag imirt i bhFéile na nGael (iomáint) i gceann cúpla seachtaine. Táimid ar fad ag tnú go mór leis an gcomórtas.