Bua ag Coláiste Eoin i gcluiche leathcheannais Laighean

Body

Thosaigh Coláiste Eoin go mall sa chluiche seo. Bhíodar thíos 1-04 in aghaidh 0-02 tar éis cúig noiméid déag. Ina dhiaidh sin thángadar isteach sa chluiche le cúl ó saor-phuc. Oisín Ó Ruairc a scóráíl. Le cúpla cúilín eile bhíodar chun tosaigh. Fuair Coláiste Eoin dhá chúl iontacha, ceann ó Cholm Ó Néill agus ceann eile ó Ruairí Ó Giolláin. D'fhág seo Coláiste Eoin chun tosaigh 3-04 in aghaidh 1-04 ag an mbriseadh.

Sa dara leath fuair Oisín O Ruairc cúpla cúilín, a choinnigh Coláiste Eoin chun tosaigh. Ach tháínig Coláiste Mhuire ar ais go láidir. Leath bhealach tríd an dara leath ní raibh ach dhá chúilín eatartha. Fuair Dara Ó Gallchobhair (ionadaí) sár chúl, rud a spreag na buachaillí. Fuair Cian MacGabhann cúilín ón imirt. Fuair Oísín Ó Ruairc cúpla scór eile ó phucanna saora agus chríochnaigh an cluiche 4-10 in aghaidh 2-08.

Ar son Chill Mochuda na Crócaigh ar fhoireann Choláiste Eoin bhí O Ó Ruairc, C Ó Duibhir, D Ó Catháin, Ó Ó Siochrú, D Ó Murchú, C MacGabhann, D Ó Gallchobhair, E Campion

Ar aghaidh anois chuig an cluiche ceannais ar an gCeadaoin seo chugainn, 13ú Bealtaine!! Go n-éirí leo!

Tagging