Bua ag Coláiste Eoin sa chraobh Sóisearach
Bhí sár bhua ag Coláiste Eoin in aghaidh Ard Scoil Rís sa chluiche Ceannais Sóisearach i bPáirc Parnell ar 26 Marta 2009.
Lá gaofar agus fuar i bhí ann i bPáirc Parnell, le ceathanna troma báistí. D'imir Coláiste Eoin i gcoinne na gaoithe sa chéad leath agus dá bhrí sin bhí sé deacair ar na buachaillí scóráil. Chríochnaigh Ard Scoil Rís an chéad leath 1-08 in aghaidh 0-05 chun tosaigh. I measc iad siúd a fuair scóranna do Chláiste Eoin bhí Cian MacGabhann agus Oisín O Ruairc. Bhí dúshlán rompu sa dara leath...
Nuair a chasadar timpeall bhí ar na buachaillí troid go láidir le haghaidh gach liathróid. Thosaigh the scóranna ag teacht dá bharr. Fuair C O Duibhir cúl iontach agus chuir C MacGabhann an sliotar tharr an treasnán ón taobh-líne. Tháinig scóranna eile ó O Ó Siochrú, D Ó Murchú, D Ó Catháin agus O Ó Ruairc
Ag an deireadh bhuaigh Coláiste Eoin le 3-10 in aghaidh 2-09.
B'iad imreoirí na gCrócach a bhí ar an bpainéal ar an lá ná O O Ruairc (Capt.), C Ó Duibhir, O Ó Siochrú, C MacGabhann, C Keane-Breslin, D Ó Catháín, D Ó Murchú, D Ó Gallchobhair, E Campion, A Ó Néill
Chun roinnt griangrafanna ón gcluiche a fheiceáíl, féach ANSEO nó brú ar an gceamara thíos...
